Forbhreathnú
Tá athrú as cuimse tagtha ar an domhan le blianta beaga anuas. Fogha na Rúise faoin Úcráin, an cogadh in Gaza agus teacht chun cinn sraithe nua gníomhaithe údarásaíocha atá ag obair chun deighilt a chur agus atá ag iarraidh ord idirnáisiúnta malartach a chruthú, staidiúir níos ionsaithí agus iomaíocht eacnamaíoch éagórach ón tSín, níl sa mhéid sin ach roinnt bheag de na samplaí a léiríonn nach mór don Aontas a bheith níos teanntásaí agus a leasanna á saothrú aige.
Oibreoidh an Coimisiún Eorpach chun a chinntiú go mbeidh beartas eachtrach agus slándála an Aontais oiriúnach chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an saol mar atá faoi láthair. Déanfaimid ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chosaint agus a chur chun cinn agus déanfaimid iarracht ról na n-institiúidí domhanda a neartú. Ar an gcaoi sin, seasfar le luachanna na hEorpa, agus seasfaidh an Eoraip an fód go láidir i ndomhan atá níos conspóidí agus níos éagobhsaí ná riamh.
An méid a cheapann muintir na hEorpa
Foinsí: Suirbhé Eorabharaiméadair 2025 agus 2024
Cuspóirí
An tAontas Eorpach a mhéadúchun ár dtionchar ar an leibhéal domhanda a mhéadú
Díriú ar ár gcomharsanacht níos leithnechun an tsíocháin, comhpháirtíochtaí agus cobhsaíocht eacnamaíoch a chur chun cinn
Beartas eachtrach eacnamaíoch nua a shaothrúchun borradh a chur faoin rathúnas, faoin gcumhacht trádála agus faoi chomhpháirtíochtaí comhthairbheacha
An córas idirnáisiúnta a athchóiriúchun é a chur in oiriúint do shaol an lae inniu
Chun a chinntiú go mbeidh méadú an Aontais i gcomhréir leis an ngealltanas a thugamar inár gconarthaí, déanfaimid an méid seo a leanas:
- a chinntiú go ndéanfar measúnú ar gach tír atá ag iarraidh teacht isteach san Aontas ar a dul chun cinn féin i dtreo na gcritéar aontachais uile a chomhlíonadh, na critéir maidir leis an smacht reachta agus luachanna bunúsacha ina measc, a leanfaidh de bheith ina mbunchlocha de bheartas an Aontais um méadú
- dlús a chur leis an tacaíocht chun tíortha is iarrthóirí a ullmhú, go háirithe trí úsáid a bhaint as an infheistíocht agus as na hathchóirithe sa phlean fáis do na Balcáin Thiar agus sa tSaoráid don Úcráin

I gcomhthreo leis an méadú a bhaint amach, tógfaimid cur chuige níos straitéisí maidir lenár ngníomhaíochtaí i gcomharsanacht níos leithne an Aontais tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- ár gcaidreamh leis an Meánmhuir a neartú le comhaontú nua don Mheánmhuir. Díreofar leis sin ar infheistíocht agus comhpháirtíochtaí, ar chobhsaíocht eacnamaíoch, ar chruthú post, ar fhuinneamh agus ar shlándáil sa réigiún
- oibriú le haghaidh sos cogaidh láithreach in Gaza, gach giall a scaoileadh saor, agus méadú ar an sreabhadh cúnaimh dhaonnúil go Gaza
- straitéis idir an tAontas agus an Meánoirthear a chur i gcrích lena bhféachfar le réiteach cóir a fháil ar an gcoinbhleacht leanúnach in Gaza agus lena réiteofar an bealach do réiteach dhá stát chun an tslándáil a chinntiú do mhuintir Iosrael agus do Phalaistínigh araon

Ar mhaithe le rathúnas na hEorpa, cuirfimid ar bun beartas eachtrach eacnamaíoch nua lena ndíreofar ar shlándáil eacnamaíoch, ar thrádáil agus ar infheistíocht i gcomhpháirtíochtaí. Chuige sin, beidh orainn
- borradh a chur faoinár n-iomaíochas sa bhaile agus infheistíocht a dhéanamh i dtaighde ar theicneolaíochtaí straitéiseacha
- ár ngeilleagar a chosaint ar sceitheadh teicneolaíochta agus ar ábhair imní slándála
- an t-athbhreithniú ar scagadh infheistíochtaí díreacha coigríche a thabhairt chun críche, cur chuige comhordaithe a fhorbairt maidir le rialuithe easpórtála, agus aghaidh a thabhairt ar rioscaí ó infheistíochtaí amach
- ár naisc shaorthrádála agus chóirthrádála a dhoimhniú le hionaid fáis agus le comhpháirtithe ar fud an domhain
- comhpháirtíochtaí nua trádála glaine agus infheistíochta a fhorbairt agus an caidreamh atá againn le mianraí criticiúla agus amhábhair chriticiúla a dhoimhniú
- feabhas a chur ar thrádáil riailbhunaithe, trí Eagraíocht Dhomhanda Trádála a athchóiriú agus a neartú ina measc
- ár gcomhaontuithe trádála a fhorfheidhmiú agus ár n-ionstraimí cosanta trádála uile a úsáid nuair is gá
- Global Gateway, ár dtionscnamh chun infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail bhonneagair ar fud an domhain, a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile trí chur chuige Team Europe
- clár oibre straitéiseach nua idir an tAontas agus an India a mholadh agus ár gcomhar le ASEAN a neartú
- oibriú leis an tSeapáin, leis an gCóiré, leis an Nua-Shéalainn agus leis an Astráil
- infheistíochtaí i mbonneagar, i nginiúint fuinnimh in-athnuaite agus i slabhraí luacha amhábhar san Afraic a spreagadh
- an comhar idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib a dhoimhniú trí infheistíocht Global Gateway

Beidh príomhról ag an Eoraip maidir leis an gcóras idirnáisiúnta a athchóiriú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- páirt ghníomhach a ghlacadh i gcruinnithe mullaigh idirnáisiúnta, amhail Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe don Todhchaí, lena n-iarrtar, i measc nithe eile, ar ionadaíocht chothrom do na réigiúin uile agus ar dhul i ngleic leis an bhforbairt agus leis an bhfiachas
- freagairt níos fearr a thabhairt ar ábhair imní ár gcomhpháirtithe a mbíonn tionchar ag reachtaíocht na hEorpa orthu
- teacht ar chur chuige níos córasaí maidir le measúnú a dhéanamh ar thionchar ár ndlíthe ar thíortha nach tíortha den Aontas iad agus tacaíocht níos spriocdhírithe a chur ar fáil chun cabhrú leo dul i dtaithí ar na dlíthe sin agus tairbhe a bhaint astu
An dul chun cinn go dtí seo
Déan monatóireacht ar dhul chun cinn tionscnamh nua, dlíthe atá beartaithe agus athruithe reachtacha faoin tosaíocht seo, lean iad, agus coinneáil cothrom le dáta leo.
- Nollaig 2025
Thug an tAontas agus an tSeapáin an chaibidlíocht maidir le Fís Eorpach i gcrích
- Samhain 2025
Sheol an tAontas agus comhpháirtithe na Meánmhara Theas an Comhshocrú don Mheánmhuir, ar céim mhór é i dtreo spás Meánmhuirí níos cobhsaí, níos sláine agus níos rathúla
Leis an bhfeachtas ‘Foinsí In-athnuaite Fuinnimh a Uas-scálú san Afraic’, d’éirigh linn €15.5 billiún a chinntiú chun borradh a chur faoin bhfuinneamh glan ar fud na mór-roinne
Shínigh an tAontas agus an Afraic Theas comhpháirtíocht chinniúnach maidir le trádáil agus infheistíocht ghlan
Tháinig an Eilvéis isteach sa chlár Fís Eorpach agus i bpríomhchláir thaighde agus nuálaíochta eile de chuid an Aontais
- Meitheamh 2025
Leag an tAontas amach straitéis dhigiteach idirnáisiúnta chun oibriú le comhpháirtithe ar fud an domhain ar mhaithe le tacú lena n-aistrithe digiteacha
Tháinig an tAontas agus an Úcráin ar chomhaontú i bprionsabal maidir le caidreamh trádála nuachóirithe
- Bealtaine 2025
Ghlac an tAontas straitéis le haghaidh réigiún cobhsaí slán na Mara Duibhe
Shínigh an tAontas agus Singeapór Comhaontú Trádála Digití cinniúnach
- Aibreán 2025
Mhol an Coimisiún clár cuimsitheach tacaíochta ilbhliantúil, a bhfuil suas le €1.6 billiún i gceist leis, chun tacú le téarnamh agus athléimneacht na Palaistíne
Ag an gcéad chruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Áise Láir, tháinig ceannairí ar chomhaontú maidir le comhpháirtíocht straitéiseach
- Márta 2025
Thug an tAontas agus Poblacht na Cóiré caibidlíocht i gcrích maidir le Comhaontú Trádála Digití
Gheall an tAontas €2.5 billiún chun tacú leis an tSiria agus leis an réigiún ag Comhdháil na Bruiséile
- Feabhra 2025
Tháinig an Comhaontú Trádála Eatramhach idir an tAontas Eorpach agus an tSile i bhfeidhm
- Eanáir 2025
Tugadh Comhaontú Domhanda nuachóirithe i gcrích le Meicsiceo
Sheol an tAontas agus an Iordáin comhpháirtíocht straitéiseach chuimsitheach
- Nollaig 2024
Tháinig an tAontas agus Mercosur ar chomhaontú polaitiúil i dtaca le comhpháirtíocht cheannródaíoch
I lár an aonaigh
Agus an teannas geopholaitiúil ag dul i méid, tá comhpháirtíochtaí nua á mbunú ag an Aontas lena ndeimhnítear ár dtiomantas don oscailteacht eacnamaíoch agus don trádáil riailbhunaithe.
Leis an gcomhaontú trádála idir an tAontas agus Mercosur, cuirfear borradh faoi iomaíochas agus slándáil eacnamaíoch na hEorpa, ag an am céanna, déanfar feirmeoirí, tomhaltóirí agus caighdeáin chomhshaoil an Aontais a chosaint.
Leis an gcomhaontú trádála idir an tAontas agus an India, neartófar trádáil, infheistíocht agus naisc pholaitiúla idir an dá dhaonlathas is mó ar domhan.

Cé atá i gceannas

An tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán

Coimisinéir um an Trádáil agus Slándáil Eacnamaíoch; An Caidreamh agus an Trédhearcacht Idirinstitiúideach

An Coimisinéir um Réigiún na Meánmhara

An Coimisinéir um Méadú

An Coimisinéir um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta
