Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский
An 24 Feabhra 2022 chuir an Rúis tús le cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, agus leis sin, thug sé dúshlán do mhianta mhuintir na hÚcráine todhchaí níos fearr a bhaint amach, agus teacht níos gaire don Aontas. Ionsaí a bhí ann, ní i gcoinne na hÚcráine amháin, ach i gcoinne na saoirse, an fhéinchinntiúcháin agus an daonlathais.
Ó thús an chogaidh, sheas an tAontas an fód ar son na hÚcráine le tiomantas daingean. Chuireamar tacaíocht pholaitiúil, airgeadais, mhíleata agus dhaonnúil nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar fáil don tír agus chuireamar fáilte roimh na milliúin Úcránach a raibh tearmann á lorg acu sna Ballstáit.
Leanfaidh an tAontas de chúnamh a chur ar fáil don Úcráin agus de smachtbhannaí a chur ar an Rúis agus orthu siúd atá comhpháirteach sa chogadh.
Gníomhaíochtaí an Aontais

Eolas faoi thacaíocht pholaitiúil dhaonnúil agus airgeadais an Aontais don Úcráin

Tacú leis an Úcráin agus lena hiarrachtaí lánpháirtiú a thuilleadh leis an Aontas

An chaoi a bhfuil an tAontas ag tacú le hiarrachtaí téarnaimh na tíre

Forléargas ar smachtbhannaí an Aontais lena ndírítear ar earnálacha, eintitis agus gníomhaithe comhpháirteacha

Cinnte a dhéanamh de go ngearrtar pionós ar an Rúis as a coireanna cogaidh agus go n-íocann sí as an damáiste a rinneadh

An chaoi a bhfuil an tAontas ag tacú leis na Ballstáit freastal ar riachtanais na ndaoine atá ag teitheadh ón Úcráin
Sa spotsolas
An 8 Meitheamh 2026 d’eisíoc an Coimisiún beagnach €2.8 billiún leis an Úcráin chun tacú lena riachtanais mhaoiniúcháin de réir mar a leanann sí dá cosaint féin ar chogadh foghach na Rúise.
Is é seo an seachtú heisíocaíocht faoin tSaoráid don Úcráin, príomhionstraim an Aontais chun tacú le téarnamh na hÚcráine, le clár oibre athchóirithe na hÚcráine agus leis an dul chun cinn i dtreo a ballraíochta san Aontas. Leis an íocaíocht is déanaí sin, is fiú €29.5 billiún an tacaíocht iomlán ón Aontas a cuireadh ar fáil faoin tSaoráid.
An lá dár gcionn, chuir an Coimisiún i láthair an 21ú pacáiste smachtbhannaí i gcoinne na Rúise. Dírítear sa phacáiste is déanaí ar earnálacha fuinnimh, seirbhísí airgeadais agus trádála na Rúise, agus cuimsítear ann toirmeasc ar iarchomhraiceoirí Rúiseacha teacht isteach san Aontas Eorpach.
I dteannta a chéile, treisíonn na bearta sin tiomantas an Aontais d’Úcráin shaor cheannasach agus cuireann siad brú breise ar an Rúis deireadh a chur lena fogha agus dul i mbun iarracht fhóinteach i dtreo na síochána.

Amlíne
- 15 Bealtaine 2026
Chuaigh an tAontas isteach go foirmiúil sa Bhinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin agus dhaingnigh sé an Coinbhinsiún lenar bunaíodh an Coimisiún Éileamh Idirnáisiúnta
- 23 Aibreán 2026
Ghlac an tAontas an 20ú pacáiste smachtbhannaí in aghaidh na Rúise agus d’fhormheas sé an iasacht tacaíochta €90 billiún don Úcráin
- 14 Eanáir 2026
Pacáiste tacaíochta €90 billiún don Úcráin le haghaidh 2026 agus 2027 curtha i láthair ag an gCoimisiún
- 19 Nollaig 2025
Tháinig ceannairí an Aontais ar chomhaontú i dtaca le hiasacht €90 billiún a chur ar fáil don Úcráin chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais mhaoiniúcháin na tíre do 2026 agus 2027
- 3 Nollaig 2025
D’eisíoc an Coimisiún dhá íocaíocht dar luach €5.9 billiún leis an Úcráin
- 18 Nollaig 2024
An dara híocaíocht rialta eisíoctha ag an gCoimisiún faoin tSaoráid don Úcráin
Imeachtaí
The JRC, in cooperation with Łukasiewicz Research Network, is organising its official side event in the framework of the Ukraine Recovery Conference (UCR).
I anledning af Europadagen den 9. maj afholder vi i samarbejde med Ukraine House et arrangement, der undersøger befrielse som en ulige og ofte omstridt oplevelse.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 8 Meitheamh 2026




