An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Tá an tsoghluaisteacht i gcroílár an Aontais seo againne. Nascann an t-iompar daoine ó réigiúin agus ó thíortha éagsúla le chéile, rud a chuireann deiseanna nua ar fáil agus a chruthaíonn aontacht agus comhtháthú, go háirithe tríd an turasóireacht. Leis an iompar, is féidir le daoine, seirbhísí agus earraí gluaiseacht gan bhac, agus is spreagadh tábhachtach d’iomaíochas na hEorpa, don aistriú glas agus don aistriú digiteach é.
Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún iompar na hEorpa a dhéanamh níos iomaíche, níos inbhuanaithe agus níos athléimní in aghaidh na ndúshlán a bheidh ann amach anseo. Cuidíonn sé freisin chun a chinntiú go bhfuil ár gcóras iompair sábháilte, inrochtana agus inacmhainne do shaoránaigh uile an Aontais.

Príomhfhigiúirí
Réimsí gníomhaíochta
Beartais lena gcumhdaítear gach modh iompair: beartais aeir, bóithre, iarnróid, muirí agus uiscebhealaí intíre
Féach leat an chaoi a spreagann an turasóireacht an fás eacnamaíoch, cruthú post agus forbairt shóisialta
Féach leat an chaoi a gcosnaíonn an tAontas paisinéirí i ngach modh iompair
Foghlaim faoin gcaoi a gcuireann an t-iompar poiblí bealach sábháilte éifeachtúil inbhuanaithe ar fáil chun taisteal
Faigh amach faoina bhfuil ar siúl ag an Aontas chun slándáil agus sábháilteacht an iompair a fheabhsú
Féach leat beartais agus tionscnaimh an Aontais maidir le bonneagar iompair agus infheistíocht iompair
Faigh amach faoi ghníomhaíochtaí taighde iompair, ina measc sin maoiniú, poist agus staidéir
Foghlaim faoin dóigh a bhfuil an Coimisiún Eorpach ag obair chun gach modh iompair a chomhtháthú agus idir-inoibritheacht iomlán a bhaint amach
Foghlaim faoin gcaoi a dtacaíonn an tAontas le hearnáil iompair na hÚcráine
Na príomhéachtaí
- Plean gníomhaíochta d’earnáil inbhuanaithe nuálach mótarfheithiclí – plean straitéiseach chun tionscal láidir inbhuanaithe carranna a chinntiú agus a acmhainneacht nuálaíochta iomlán á scaoileadh ag an am céanna.
- Taisteal iarnróid níos tapúla agus níos éifeachtúla – cuirfidh an gréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) feabhas ar luasanna iarnróid agus laghdóidh sé amanna taistil. Faoi 2040, ní mór do na línte iarnróid paisinéirí ar phríomhbhealaí TEN-T freastal ar thraenacha atá ag taisteal ar 160 km/u nó níos tapúla.
- Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin – bealaí nua iompair d’iarnród, de bhóthar agus d’uiscebhealaí intíre chun iompórtálacha agus easpórtálacha na hÚcráine a choinneáil ag gluaiseacht.
- ‘Fís Nialais’: Deireadh a chur le básanna ar bhóithre faoi 2050 – tá an tAontas tiomanta deireadh iomlán a chur le básanna ar bhóithre faoi 2050. I measc na mbeart a glacadh le déanaí tá rialacha níos déine maidir le tiománaithe nuacheadúnaithe agus forfheidhmiú trasteorann chun cosc a chur ar thiománaithe contúirteacha pionóis a sheachaint.
- Lipéad Astaíochtaí Eitilte nua an Aontais – amach anseo, taispeánfar lipéad tiomnaithe maidir le hastaíochtaí ar áirithintí eitilte ar líne agus modheolaíocht shoiléir iontaofa ann chun astaíochtaí CO₂ a bhaineann le heitiltí a ríomh.
- Ó mhí Eanáir 2025 ar aghaidh, tá 4 dhlí nua de chuid an Aontais i bhfeidhm chun rialacháin maidir le sábháilteacht mhuirí a nuachóiriú agus truailliú ó longa a chosc.
- Le Liosta Aershábháilteachta an Aontais, a nuashonraítear dhá uair sa bhliain, cuirtear cosc ar aerlínte nach gcomhlíonann caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta oibriú san Aontas, rud a chinntíonn an leibhéal is airde sábháilteachta do phaisinéirí.
- Leis an tSeachtain Eorpach um Shoghluaisteacht, feachtas suaitheanta múscailte feasachta an Choimisiúin Eorpaigh maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe, cuirtear athrú iompraíochta chun cinn ar mhaithe le soghluaisteacht ghníomhach, iompar poiblí, agus réitigh iompair ghlana chliste eile.
Sa spotsolas
Tá rialacha nua curtha chun cinn ag an gCoimisiún chun áirithintí traenach agus taisteal traenach ar fud na hEorpa a dhéanamh níos éasca. Leis na rialacha sin, simpleofar an próiseas chun taisteal réigiúnach, fadraoin agus trasteorann a phleanáil agus a chur in áirithe trí áirithintí ticéid aonair ar fud oibreoirí iarnróid éagsúla a thabhairt isteach. Beidh cosaint iomlán nua ann sa togra i leith cearta paisinéirí iarnróid, dóibh siúd a bhfuil ticéad aonair acu agus a chailleann a gceangal.

An nuacht is déanaí
Is díol sásaimh don Choimisiún Eorpach an comhaontú polaitiúil ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh air maidir leis an athbhreithniú ar chearta aerphaisinéirí an Aontais.
Imeachtaí
Events Single European Sky: information campaign 2004
Events Workshop "Prospects of inland navigation within the enlarged Europe", 24 February 2005 On 24-25 February 2005, the European Commission...
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 13 Bealtaine 2026